Dé hAoine 4ú

19:30 Ionad: Tigh Mholly, Indreabhán

Imeacht: Oscailt oifigiúil na Féile le blaisíní bia

20:00 Ionad: Tigh Mholly, Indreabhán

Imeacht: Seoladh Leabhar 'An Bhrachlainn Mhóir; Scéalta le Tomás Ó Flaithearta' curtha in eagar ag Éamon Ó Cíosáin

20:30 Ionad: Tigh Mholly, Indreabhán

'An tÚrscéal Grafach; deis don Ghaeilge', caint agus cur i láthair faoi úrscéalta grafacha.

Aoi-scríbhneoir: Colmán Ó Raghallaigh


Dé Sathairn 5ú

11:00 Ionad: Tigh Mholly, Indreabhán

Imeacht: Cur agus cúiteamh ar an bhFinscéalaíocht.

Aoi-scríbhneoir: Darach Ó Scolaí 'Táin Bó Cualaigne'

13:00 Ionad: Leabharlann An Spidéil, An Spidéal

Imeacht: Scéalaíocht agus Ceardlann Chumadóireachta do ghasúir, 5 – 8 mbliana d’aois

Aoi-Scríbhneoir: Gemma Bhreathnach

15:00 Ionad: Tigh Mholly, Indreabhán

Imeacht: Léitheoireacht agus plé óna húdair ar an scéinséir.

Aoi-scríbhneoir: Anna Heusaff, Diarmaid Ó Ceallaigh

20:00 Ionad: Seanscoil Shailearna, Indreabhán

Imeacht: Ceolchoirm na gCumadóirí

Aoi-chumadóirí / aoi-fhilí: Séamus Barra Ó Súilleabháin, Dris-Óg, Pádraic Seoighe agus a chairde


Dé Domhnaigh 6ú

13:00 Ionad: Tigh Mholly, Indreabhán

Imeacht: Cúirt Filíochta

Aoi-scríbhneoirí: Biddy Jenkinson agus Pauline Ní Chonaonaigh

Maidhc oscailte i ndiaidh na n-aíonna agus beidh fáilte roimh chách chun a gcuid filíochta féin a léamh. Beidh fáilte roimh cheisteanna ón lucht éisteachta.

15:00 Ionad: Ionad Tacaíochta Teaghlaigh, An Cnoc, Indreabhán

Imeacht: Léitheoireacht agus Ceardlann Ealaíne do leanaí 3 – 5 bliana d’aois

Aoi–scríbhneoir: Bridget Bhreathnach


Meán Fómhair – Deireadh Fómhair

Ceardlann Scríbhneoireachta do Dhéagóirí sna meánscoileanna roimh an bhféile.

Roimh an bhféile reáchtálfar ceardlann Scríbhneoireachta do Dhéagóirí i bpáirt le Coláiste Chroí Mhuire sa Spidéal agus Coláiste Cholmcille in Indreabhán. Beidh sé sheisiún dhá uair a chloig ina iomláine ann ó thús mhí Mheán Fómhair sna meánscoileanna i gCois Fharraige.

Aoi-scríbhneoir: Maedhbh Ní Eadhra




Anuraidh d'eagraigh muid ár gcéad fhéile leabhar i gCois Fharraige. Bhí seisiúin cainte le scríbhneoirí faoina leabhar, ceardlann scríbneoireachta do dhéagóirí Chois Fharraige agus scéalaíócht do na gasúir. Freisin chun scríbhneoireacht amhrán agus raipfhilíocht i nGaeilge a cheiliúradh bhí Ceolchoirm na gCumadóirí ar siúl oíche Shathairn 13ú le IMLÉ, Róisín Seoighe agus Pádraig Jack.
Eolas breise faoi na healaíontóirí; idir scríbhneoirí, filí agus ceoltoirí; a bhí linn ag an bhféile: